Literature Ireland

Oíche Cheiliúrtha na Scríbhneoirí Eorpacha

Oíche Cheiliúrtha na Scríbhneoirí Eorpacha

 

Beidh Sabina Jakubowska, Sladjana Nina Perkovic agus Tadhg Mac Dhonnagáin ag caint le Sinéad Mac Aodha, Stiúrthóir Litríocht Éireann, agus beidh Caitlín Ní Chualáin i mbun amhrán.


Dáta: Dé Luain, an 2 Nollaig

Am: 6 i.n.

Áit: Cló Iar-Chonnacht - Siopa Leabhar, Páirc na Meán, An Cheardlann, An Spidéal, Conamara, Contae na Gaillimhe, H91 CHO1

 


Oíche léitheoireachta, chomhrá agus chuideachta chun ceiliúradh a dhéanamh ar scríbhneoirí Dhuais an Aontais Eorpaigh don Litríocht (EUPL): Sabina Jakubowska (an Pholainn), Sladjana Nina Perkovic (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin) agus Tadhg Mac Dhonnagáin (Éire). Is í Sinéad Mac Aodha, Stiúrthóir Litríocht Éireann, a bheidh ina bean an tí don ócáid. Beidh an t-amhránaí clúiteach ar an sean-nós Caitlín Ní Chualáin ar stáitse. Cuirfear sóláistí ar fáil tar éis na hócáide. Tá fáilte roimh chách! 


Cuirtear an ócáid seo ar siúl a bhuí le Litríocht Éireann i gcomhpháirt le Duais an Aontais Eorpaigh don Litríocht.


Eolas faoi na scríbhneoirí:


Sabina Jakubowska (an Pholainn)

Is seandálaí, múinteoir staire agus máthair í Sabina agus bhain sí PhD sna Daonnachtaí amach in Ollscoil Jagiellonian. Ainmníodh a céad úrscéal do léitheoirí fásta, Akuszerki (na Mná Cabhracha), do EUPL sa bhliain 2023. Bronnadh an teideal Leabhar Cracow na Míosa (Meán Fómhair 2022) ar an úrscéal freisin agus d’ainmnigh na léirmheastóirí litríochta é do Paszporty Polityki (gradam cultúrtha bliantúil sa Pholainn).


Sladjana Nina Perkovic (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin) 

Is iriseoir agus scríbhneoir ficsin Franc-Bhoisniach í Sladjana Nina Perkovic. Fuair a húrscéal U jarku (sa Díog) moladh ar leith ón EUPL sa bhliain 2022. Chomh maith leis sin, bhí an t-úrscéal ar an liosta do Ghradam "NIN" sa bhliain 2021 (mórghradam litríochta sa tSeirbia) agus ar an liosta do Ghradam Meša Selimović (gradam litríochta don úrscéal is fearr a foilsíodh le linn na bliana roimhe sin i réigiún na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Cróite, Mhontainéagró agus na Seirbia).

 

 

 


Tadhg Mac Dhonnagáin (Éire)

Scríobhann Tadhg Mac Dhonnagáin leabhair, scripteanna scannán agus amhráin Ghaeilge. Fuair a chéad úrscéal Madame Lazare moladh ar leith ón EUPL sa bhliain 2022. Bronnadh Gradam An Post do Leabhair Ghaeilge ar an úrscéal sin freisin sa bhliain 2021. Thug Litríocht Éireann tacaíocht maidir le Madame Lazare a aistriú go díreach ó Ghaeilge go hEastóinis agus Seirbis, agus tá aistriúchán go Gearmáinis ar na bacáin.


Caitlín Ní Chualáin

Is amhránaí clúiteach ar an sean-nós í Caitlín Ní Chualáin agus is as Indreabhán i gConamara di. Bhuaigh Caitlín Corn Uí Riada, an príomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós, ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 2016. Ba Amhránaí Cónaithe ar an Sean-Nós í in Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2019. 


Eolas faoi Dhuais an Aontais Eorpaigh don Litríocht (EUPL):


Tionscnamh bliantúil is ea Duais an Aontais Eorpaigh don Litríocht (EUPL) lena dtugtar aitheantas do na scríbhneoirí ficsin is fearr atá ag teacht chun cinn san Eoraip. Is é an aidhm atá leis an duais aird a tharraingt ar chruthaitheacht agus saibhreas ilghnéitheach na litríochta comhaimseartha atá ar fáil san Eoraip i réimse an fhicsin, scaipeadh na litríochta a chur chun cinn laistigh den Eoraip agus spreagadh a thabhairt do léitheoirí níos mó spéise a chur i saothair litríochta as tíortha eile.


Tá aitheantas tugtha ag an EUPL do 176 údar ó 2009. Déantar fógraíocht ar shaothair na mbuaiteoirí chun gur féidir leo dul i gcion ar phobal idirnáisiúnta agus chun léitheoirí nua a mhealladh beag beann ar theorainneacha náisiúnta agus teanga.


Eolas faoi Litríocht Éireann


Is gníomhaireacht náisiúnta in Éirinn í Litríocht Éireann, a thugann ardán thar lear do litríocht na hÉireann. Oibríonn Litríocht Éireann chun feasacht agus léirthuiscint ar litríocht chomhaimseartha na hÉireann a chothú i measc léitheoirí thar lear, tríd an aistriúchán go príomha.

 

Posted to Events Irish on 29 Nov 2024.